Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 175
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine Cáileamhla.D’iomchar Séan Ó Gallchobhair Gortamóra, na Dúnaibh, dhá fhichead cloch choirce ó stór Ramsey in nDúnfanchaigh go céidh D’únfanchaigh ar a dhruim. Lá amháin chuaidh Pádraig Mac Laithbheartaigh as an bháile céadna go dtí an Craoslach fa choinne seisreach iarainn clí fhoirsta agus d’iomchur sé iad na bháile. Bhí tuairim ar sé mhíle le siubhail aige. Bhí seanduine ar an bháile s’againne a dtabharfadh siad Eoin Mheadhbha, Gortamóra, na Dúnaibh agus siulfadh sé ó’n na bháile féin go Dóire i sé uaire, agus bhí an fear seo beo go rabh sé céad bliadhain. Bhí fear ina chomhnuidhe in Árdbán na Dúnaibh, Tír Chonaill dar’bh ainm Sean Mac Giolla Bríghde, agus d’fhágadh a bháile féin agus siubhalfadh sé go Báile na nGalloglach in uair go leith. Bhí Domhnall Mac Laithbheartaigh, Doire an Chasain, na Dúnaibh, ábalta teach a toghail i gcoicís agus an leibheal a bhí aige sé bamhail uisge agus snáithe dearg. Bhí Brian Mac Laithbheartaigh, Bun a Bhallaigh, na Dúnaibh, iongantach maith ag snámh. Shnamh sé siar leat na báidhthe agus aniar arais agus a mhadadh leis ar a dhruim. Bhí seanduine ina chomhnuidhe ins na Dúnaibh a dtabharfadh siad Donncadh Mac Ghiolla Cheara air(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall