Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 153
- XML “Saibhreas i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Saidhbhreas i bhfolach Amuigh ar bhruach na [m?]beann ar an taoibh ó thuaidh de baile Dhoire Chásain, ta dornán mór clóihe na seasamh in áirde ós cionn na fairrge agus tá na daoine cinnte go bhfuil pota faoi an chloich seo, ag na sidéogaí. Sé an t-ainm atá ar an chloich na "Cloch Dhomhnaill Shéaghain. Anois innseochaidh mé cáide an seórt a bhí i nDomhnall Sheaghain. Fear a bhí ann a bhí in a chomhnaidhe i nDoire Chasain tá tuairim ar cheithre fichid bliadhain ó shóin, Chualaidh sé na sean daoine in a am san ag rádh go rabh póta óir i bhfollach ag na sidheogaí faoi an charraig seo. Lá amháin dar leis féin go bhfuigheadh sé an pota óir seo agus go mbéadh se saidhbhir as sin ní ba mhó. Thug se leis sluasad agus piocóid agus amach leis ag féachaint an chlóch a chaitheadh amach sa'n fhairrge agus an póta a fhághail. Ní rabh morán le cupla buille dé'n phiocóid tabhairtte [gur?] siud amach mo dhiúlach bheag dhearg as faoi an charraig agus slát draoidheachta leis in a láimh. Bhuail sé Domhnall le buille beag ins an phluic agus thionntuigh sé a bhéal [go?] chúl a chinn. As go bráth le Dómhnall na bháile cómh tiuth a's thiocfadh le na dhá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nora Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall