Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 27

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 27

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 27
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fathach ann aon uair amháin darabh anamh Finn Mach Cumhail. Bhí fathach mór in aic eile fosta.

    Sgéal.
    Bhí fathach ann aon uair amháin darabh anamh Finn Mach Cumhail. Bhí fathach mór in aic eile fosta. Tháinig an fathach mór seo cun troid le Finn Mach Cumhail. Rinne siad gasúr de Fhinn Mach Chumhail. Bhí dearbhrathair aige agus rinne siad leanbh dó. Nuair a tháinig an fáthach go dtí an teach d’fiafruigh sé do bhean an toigh ca rabh Finn Mach Cumhail. Dubhairt an bhean go rabh sé ar siubhal ag iasgaireacht. D’iarr sí air annsin a teach a thionntuigh dithe. Chuir sé a dhruim leis an teach agus thionntuigh sé é. Dubhairt sé annsin go rabh ocras air. Dubhairt an bhean leis a gabhail síos na cuibhreann ag rabh gasúr shíos an ag buacailleacht agus da dtabharfadh sé giota de ceann de na caoraigh dó a tabhairt aníos agus é a chuir ar an teine agus é a ithe. Rinne sé seo ag d’imthigh sé cun na bhaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí gasúr ann aon uair amháin ag bhí sé ag dhul chun aonaigh lá. Casadh fear air ar an bhealach mhór agus bhí lód préataí leis.

    Bhí gasúr ann aon uair amháin ag bhí sé ag dhul chun aonaigh lá. Casadh fear air ar an bhealach mhór agus bhí lód préataí leis. D’fiafruigh sé d’on fhear caidé abhí (ortha) leis. Dubhairt an fhear gur uibheacha capall abhí leis. D’fiafruigh an gasúr do cá mhéadh abhí ortha. Dunhairt an fear gur sgilling an ceann abhí ortha. Cheannuigh an buachall ceann acu ar sgínning. Nuair abhí sé ag teacht na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Innéacs seanscéalta
    AT1319: Pumpkin Sold as an Ass's Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní hEarlaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ard an Chrainn, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamus Mac Aodhchain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall