Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 5
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí bean ann uair amháin agus bhí gasúr aice. Chuir sí an gasúr chun ar t-siopa fa-choinne speile.”
SgéalBhí bean ann uair amháin agus bhí gasúr aice. Chuir sí an gasúr chun an t-siopa fa-choinne speile Rinne an gasúr amach go bhfoghlaimeochadh sé é ar an bhealach 'na bhaile. Bhí sé ag baint tom luaithrigh abhí ar thaobh an bhealaigh mhóir. Bhí uan in a luighe i gcúl an tom agus ni fhacaidh sé é agus mharbh sé é. Nuair a chuaidh sé na bhaile d'innis sé do a mháthair gur marbh sé an t-uan. Bhí lód féir ag dul an bhealaigh mhóir agus dubhairt an mháthair leis cad chuige nár sháith tú i lód an fhéir é. An dara lá chuir sí é fa-coinne snaithidí . Bhí lód féir ag dhul an bhealaighe mhóir agus shaith sé na snaithidí 'san lód. Nuair a tháinig sé go dtí an teach ní rabh na snaithidí le fághail. Dubhairt an mháthair leis cad chuige nár chuir sé in háta iad. An tríomhadh lá cuir sí é fa-choinne ime Rinne sé amach nach gcuirfeadh sé é seo i lód an fhéir agus chuir sé in a hata é. Chuir sé ar hata ar a cheann Bhí lá iongantach té ann. Nuair a tháinig sé na bhaile bhí an tim uilig léigte anuas ar a aghaidh. Nuair a tháinig sé na bhaile d'innis sé dó a mháthair nar chaill sé an tim indiú. D'fiafruigh an mháthair do ca rabh sé Dubhairt seisean go rabh se ar a cheann faoi na hata. Bhain sí an hata de ach ní rabh im ar bith ann Shaool seisean gur allus abhí leis nuair a bhí an t-im ag leagadh. Ó'n lá sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Mac Mhonagail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall