Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 45
- XML “Gleann Domhain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gleann-Doimhin
" Tá deireadh mo stóir-se caithte mo bhrón,
'San bhaile udaidh ar chaith mé bliadhain ann!
Ní maoidhte mo dhóigh, ní bhéidh mé i bhfad beo!
Tá an choigchríoch go mór dom'fhiachailt.
Ag an aifreann Dia Domhnaigh is faitcheach mo ghlór,
Agus gan duine ann a thógfadh cian díom.
A's má théighim go Gleann Domhain ní de mo dheoir[?]
Nó ní mhairfidh mé mórán bliadhanntach. 2.
"Sí an choigchríoch, faraor, a bhreoidhfeadh an saoghal.
Agus d'fhaoigfeadh na daoine tréith-lag!
'Sí ghealuigh mo dhlaoi, agus d'athruigh mo ghnaoi,
Agus ní fhuil seasamh ag éinneach léithi.
Aon duine ar mian leis mo theagasc ná bíodh,
i bhfad ó na dhaoine céile.
Nó i n-easbhaidh má bhíonn tú, i dtinneas, nó claoidhte
Ní fhuil na coimhighthigh iontaobhtha i ngéibheann!(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- B. Ní Ghaodhchain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seamús Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall