Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 22

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 22

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 22
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Chuaidh fear isteach i mbaile mór am amháin agus cheannuigh sé péire bróg, comh luath agus bhí siad cheannuighthe age chuir sé na bróga air agus thug sé aghaidh ar an bháile.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    chuirfheadh siad iad ortha arais ar philleadh dhóbhtha arais deánfadh siad an rud ceadhna ach an fear seo cha ndeacháid sé í bhfád gur bhuáil sé a léar mór in éádan cloiche agus bhris sé é. Sgread sé amach leis an bpián ar dtús, ach é gcionn tamaill dubhairt sé leis féin bhí beannacht Dé orm an uair sin nach rábh ná bróga orm ná dá mbeádh bheádh an bárr briste de, agus bheádh na bróga úra millte.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Fuair Dómhnaill Ó Conaill cuireadh ó Shasanach dul ar chúairt ná toighe aige. Char le grádh ar bith do Dhómhnall a thug an Sasanach an cuireadh seo dhó.

    Fuair Domhnall Ó Conaill cuireadh ó Shasanach dhul ar chuáirt ná toighe aige. Chan le grádh arbith do Dhómhnall a thug an Sasanach an cuireadh seo dhó. Acht mar gheall ar nimh a thabhairt dhó 's é a mharbhadh. Acht fuair an cailín aimsire abhí ag an shasanach fios ar an droch gníomh abhí le deánamh, agus is Éireannach abhí inntí fosta. Bhí an cailín aimsire ins an t-seómhra agus arsa sise le Dómhnall
    " A Dhómhnall Uí Conáill an dtuigeann tú Gaedhilg!"
    " Tuigim a chailín caidé sin is léir dhuit!"
    " Tá an oiréad in do chupa is marbhochadh na céadtaí"
    " Is maith thú a chailín is gheobhaidh tú féirín."
    Cé siud ag tiomáint thart arsa Domhnaill, dheárc an sasanash amach ar an fhuinneóig. Fhád is bhí sé ag amharc amach d'áthruigh Domhnall na cupaí agus dól an Sasanach é fhéín an nimh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Scéal

    Bhí fear ag iasgaireacht cóis fairrge lá. Bhí chuid mhór daoine ag snámh thart fósta. Thárla go bfácaidh an íasgaire fear dá bháthadh.

    Bhí fear ag iasgaireacht cóis fairrge lá, Bhí chuid mhór daoine ag snámh thart fósta. Tharla go bfácaidh an íasgaire fear dá bháthadh. Thug sé tartháil air. Chúir sé síos an gaf le na tarraingt aníos, Cáide rinne sé acht an gaf a chuir isteach in a shúil. Tháirraing sé aníos é maith go leór, acht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0155: The Ungrateful Serpent Returned to Captivity
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ó Gallobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seamús Ó Gallobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Carraig an Tiompáin, Co. Dhún na nGall