Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 21

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 21

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 21
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Chuaidh thriúr fear mach ar bhád bheag lá. Bhí tailliúr, gábha, agus gréasaidhe ann.

    Sgéal
    Chuaidh thriúr fear amach ar bhád bheag lá. Bhí tailliúr, gábha agus gréasáidhe ann. Fuair siad ar-aghaidh go maith go dti go rabh siad í bfád amuigh ar an fhairrge. D'éirigh an ghaoth go tobann thionntúigh siad arais acht bhí siad í bhfad amuigh agus thosnúigh na tonna ag theacht isteach 'san bhád. Tháinig eagla an mhór ar na fearaibh agus arsa siadhsan, "Níl néart againn ar gan a bhéith báidhthe agus is fearr dúinn a ghuidhe" "Och" arsa an táilliúr "Ní thig liomsa guidhe mar rinne mé dearmad ar mo chuid urnaigh"," Tá, mise ar an nos ceadna" arsan gabha." Annsin thug an gréasaidhe ar fhéin guidhe ar a son uilig agus dubhairt sé "A Dia uile chumháchthaigh char iarr mé dadaidh ort le seacht mbliádhna aróimhe a's ma bhéir tu muid slán sábhailte ná bhaile ní bhéirfidh mé buáidréadh ar bith dhuit go cionn seacht mbliádhna arais.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ó Gallobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seamús Ó Gallobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Carraig an Tiompáin, Co. Dhún na nGall
  2. Scéal

    Chuaidh fear isteach i mbaile mór am amháin agus cheannuigh sé péire bróg, comh luath agus bhí siad cheannuighthe age chuir sé na bróga air agus thug sé aghaidh ar an bháile.

    Chuaidh fear isteach i mbaile mór am amháin agus cheannuigh sé péire bróg Comh luath agus bhí siad cheannuighthe aige chuir sé na bróga air agus thug sé aghaidh ar an bháile. Nuair abhí sé tuairim agus leath mhíle on bhaile mhór bháin sé na bróga de aráis agus d'imthigh sé leis costarnocht, char mhaith leis bhéith ag caitamh na bróga gan adhbar. Bá sin mar na ghnáthach leis na daoine a dheánam. bhainfheadh siad a gcuid bróga dóbhtha agus d'iomchurochadh siad go mbíodh siad comhgárach d'on bhaile mhór, Annsin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.