Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 19

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 19

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 19
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí gasúr ann aon uair darbh ainn Séimín. Ní rabh morán foghluim aige agus nuair a bhí sé fá thuairim cúigh bliadhna déag, d'fhastaigh sé le feirmeóir i gConndae Thír Eógháin fa choinne teachtaireacht agus buachailleacht eallaigh.

    Sgéal.
    Bhí gasúr ann aon uair darbhainm Séimín. Ní rabh morán foghluim aige agus nuair a bhí sé fá thuairim cúig bliadhna déag, dfhastaigh sé le feirmeóir i gCondae Thir Éogháin fachoinne teachtaireacht agus buachailleacht eallaigh. Char mhaith leis an fear aon rud a fheiceál ag dul amugha. Fuair gamhain bás aige agus chuir sé Séimín chun t-siopa fachoinne dhá chloch de shalann garbh. Nuair a tháinig sé arais dubhairt an fear leis “cuidigh liomm an gamhain a fearradh” cuireadh ar laogh-fheol isteach i mbairille agus craitheadh salann ina mhullach. Ní béidh againn le feol ar bith a cheannacht ar feadh tamaill. Bhfíor dó. Fuair na buachaillí go leór féola i ndiaidh sin ar-feadh seachtmhaine. Tamall níos muille na sin ins an earrach fuair muc dho chuid bás agus cuireadh Séimín fachoinne salann arais. Tharlaidh an rud céadna do’n mhuc. Arsa Séimín “ní bhéidh gantanas mhuc-fhéol annseo go deireadh na bhéaltaine” “tá sin fíor” arsan fear “agus geobhadh tusa do chuid de fósta”. “Tá eagla orm go rabh an-spiorad ins an mhuc chéadna. Is beag nar mharbh sé mise fa thuairim seachtmhaine ó shoin” arsa Séimín. Ní bhainfidh sí leat feasta” arsan fear. Tamall indiaidh sin fhuair a bhean bás. Dubhairt an fear leis na buachaillí gan obair ar (bean) bith a dhéanamh go mbeadh an torramh thart.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ghallobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Eadhmonn Uí Ghallobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    61