Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 8

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 8

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 8
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Gasúr abhí ag dul na scoile agus fuair sé pionna in a luighe ar an bhealach mhór agus thug sé leis in a láimh é.

    Sgéal
    Gasúr abhí ag dul na scoile agus fuair sé pionna in a luighe ar an bhealach mhór agus thug sé leis in a láimh é. Bhi sé ag dhul thar srúthan agus thuit an pionna isteach. Rinne sé amach go n-ólfadh sé an t-uisge agus go bhfuigheadh sé an pionna. Ní rabh sé ábalta an t-uisge a ól uilig agus d'imthigh sé leis na sgoile. Nuair a tháinig sé na bhaile d'innis do na mháthair fá'n pionna. Dubhairt an mháthair nach dtiocfadh leis an pionna chur in a phoca. Dubhairt sé go mbéadh-fios aige níos fearr an dara huair. An dara lá abhí sé ag dhul na scoile fuair sé croch-iarainn ar an bhealach. D'fh[ag?] sé in a luighe ar a phoca é agus thosuigh sé a tharraing na dhiaidh é. Stróc sé [a] phóca uilig. Nuair a tháinic sé na bhaile agus a fróc uilig stróctha aige dubhairt an mháthair leis nach dtiocfadh leat a tharraingt in do dhiaidh. Dubhairt seisean go mbéadh fhios aige níos féarr an dara heat. An tríomhadh lá abhí sé ag dul na scoile casadh bó air. Fuair sé greim ruball ar an bhuin agus thosuigh sé a tharraingt in a dhiaidh. Tharraing sé an ruball díthe. Nuair a cuaidh sé na bh[aille] agus an ruball leis d'innis sé fa mar tharlaidh. Dubhairt seise leis na dtiocfadh leat an bhó a thiomaint romhat. An ceathradh lá a chuaidh sé na sgoile cas[adh] bó eile air. Ní dheachaidh sé na sgoile an lá seo ar chor-ar-bith ag[us?]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1600: The Fool as Murderer
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Aoidh Mhic Giolla Chearra
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall