Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 28
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí gasúr ann aon uair amháin ag bhí sé ag dhul chun aonaigh lá. Casadh fear air ar an bhealach mhór agus bhí lód préataí leis.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bhaile bhí aige le dul trasna na h-abhna. Chaith sé an uibh isteach i dtom aitinne agus rith gearr-fiadh amach as. Dubhairt an gasúr “stád stád” acht char stad an gearr-fiadh. Shil an gasúr ar fád gur searrach abhí ann agus bhí an buidhreadh air gur [cha]? sé é. D’imthigh sé leis na bhaile agus é ag mallachtaí ar an fhear a dhíol an t-uibh leis.Scéal
“Bhí gasúr ag dul chun t-siopa lá amháin fa choinne mála plúr agus bhí asal leis.”
Sgéal.Bhí gasúr ag dul chun t-siopa lá amháin fa choinne mála plúr agus bhí asal leis. Nuair a chuaidh sé fhad leis an t-siopa fuair sé an plúr agus chuir sé suas ar dhruim an asail é. Chuaidh sé fhéin suas air annsin. Casadh fear air agus d’iarr sé air a theacht anuas na go mbéadh an t-asal marbh aige. Tháinig an gasúr anuas ó dhruim an asal agus chuir sé an mála plúr ar a dhruim fhéin. Chuaidh sé suas ar druim an asal arís. I gcionn tamaill casadh fear eile air agus dubhairt sé leis a theacht anuas no go mbéadh an t-asal marbh aige. Dubhairt an gasúr leis “na orm fhéin atá an mála plur.- Bailitheoir
- Áine Ní hÉarlaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard an Chrainn, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bean Sheagháin Uí hÉarlaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Ard an Chrainn, Co. Dhún na nGall