Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Orthaidhe agus léigheasanna.Tá an t-eolas seo i mbéalaibh gach duine 'san áit.1. "Sráithe leónta" sin léigheas a thig a dheanamh ar leónadh. Ní thig le 'achán duine snáithe leónta a dheanamh. Geibh an duine ata i n-innibh an órr-aidhe seo a dheanamh lín agus gnidheann sé snáithe amach as, san am ceadhna deir sé urnaighe éigin. Gnidhtear an léigheas seo do duine agus do beathach. Chaithfear an snáithe seo a chur ar an áit atá leónta agus ní thig é a bhaint de go druitidh sé uaidh fhéín.
2. "Órthaidhe an dúileagan". Léigheas ar dúileagan in do shúil. Corr duine ata in innibh an léigheas a dheanamh. Geibh sé soitheach uisge agus 'iarrann sé ar 'ach'án duine amarc 'san uisge go bhfeicfidh siadsan an bhfuil duíste ar bith ann. Cuireann sé bolgam de'n uisge isteach ina bhéal agus coinnigheann sé in a bhéal é agus é ag urnaighe 'san an chéadhna. Annsin caitheann sé amach arís é isteach 'san t-soitheach agus bíonn an dúileagan ins an uisge a caith sé amach.
3. "1."Léigheas fáithne" seilide a chumailt do agus dul a chur ar an seilide agus é a cur ar théad ag, buachallan buidhe, na bacán a shathugadh d-o[?].
2. Tobar beag uisge a fhaghail i gcarraigh gan tú do cuartuighadh agus á cuimilt do.
3. Giota fheola a ghuidh agus a cimilt air agus annsin é a cuir faoin talamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)