School: Lougheraherk (roll number 12118)

Location:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Máire Nic Ceannfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 196

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 196

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lougheraherk
  2. XML Page 196
  3. XML “Mór Uaisle na Tíre agus Baoghalaigh an Mhachaire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a dtáinig sé. Bhí comhrádh fada ag an mhinistir leis an bhuachaill. Sa deireadh arsa’n baoghailleach, “ba mhaith liom dá dtabharfa do inghean damh mar bean chéile” arsa seisean.
    “Bhéarfaidh agus fáilte”, arsa’n ministir.
    Thionntuigh sé ar a inghean annsin agus dubhairt: “An bhfuil tú sásta an buachaill seo a phósadh”, arsa’n t-athair.
    Dubhairt sise go rabh. Shuidheadar thart annsin ag cainnt ar ghnoithe an phósta agus socrughadh go bpósfaidh an lánamhain cúpla mí in a dhiaidh sin. Pósadh agus tháinig siad araon a chomhnuidhe go dtí’n Mhachaire.
    Chuaidh na bliadhantha thart agus lá amháin smaoitigh siad go rachadh siad a dh’amharc ar an mhinistir. An lá sul a dteachaidh siad ar an astar tháinig each geal bán agus fear ag marcuidheacht air anoir ó bhaile mhór na nGleanntach agus ní dheárn sé stad nó comhnuidhe gur shroich sé teach an bhaoghailigh, agus stad sé annsin. Cé bhí ann ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Ceannfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ua Breisleáin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    An Srath Buí, Co. Dhún na nGall