School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 136
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad ar an ghann chuid. Bhí an stoc uilig díolta aca go dtí sean chapall amháin.”
(continued from previous page)an mála putóg. Tuitfidh tusa annsin siar ag leigint ort go bhfuil tú marbh agus béidh sé ar mire liom. Annsin leagfaidh mise an sgian bheag seo ar d’aghaidh agus éireóchaidh tú aniar slán arís. Annsin béidh sé ag iarraidh na scine le ceannacht”.
Nuair a tháinig an fear d’iarr Dorbaigh air damhsa a dheánamh le na mhnaoi. Chuaidh Dorbaigh suas ar chathaoir agus sheas Máire i lár an urláir. Thug sé léim a’ súidhe amháin agus réab sé an mála putóg agus le sin thuit Máire gan spreacadh ar an urlár. Léim Dorbaigh anuas de’n chathaoir agus leag sé an sgian ar chlár a h-éadain agus d’éirigh sí aniar slán.
“Beárfaidh mé £100 duit ar an sgian sin” ar seisean le Dorbaigh.
“Maith go leor”, arsa Dorbaigh, agus dhíol sé an sgian.
An oidhche sin bhí baicle mhór ag áirneal i dtoigh an fhir seo agus nuair a bhí an suipeár deánta aca, d’iarr sé ar a mhnaoi damhsa a dheánamh leis. Chuaidh seisean suas ar chathaoir agus thug sé léim a’ rúide amháin agus réab sé an croidhe amach as an mhnaoi bhoicht, agus thuit sí marbh.
“Cad tuige a dteárn tú sin?” arsa rabh i láthair
“Ó fan, fan”, ar seisean, agus léim sé anuas déin chathaoir agus d’fhág sé an sgian ar a(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Nic g Ceannfhaele
- Gender
- Female
- Age
- 88
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall