Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá trí reiligí sa parróiste seo. Tá an ceann a bhfuil na Caitliocaigh ag baint úsáid anois as ar thaobh an bhealaigh mhóir atá ag gábhail ó Chill Cartha go Tamhnaigh. Tá an ceann a bfhuil na Produstúnaigh a baint úsáid as anois ar an bhealach atá ag gábhail ó Cill Cartha síos go dtí an áit a chasann Abha Ghleann Eadartha agus Abha Baile Dhuibh ar a chéile agus tá Abhá ag reathaidh síos idir an dá reilg, an Reilg Caitliocach agus an Reilg Produstúnach. Cuirtear daoine ins an reilg atá ag na Caitliocaigh ag taobh an bhealaigh mhóir agus cuirtear daoine ins an reilg atá ag na Produsdúnaigh ar labhras fá dtaoibh de cheana fhéin. Ach ní cuirtear aon-duine ins an cheann eile atá suidhte siar-dtuaidh de Cill Cartha. Ta Cuma ceárnógach ar an triúr aca. Ta fothras teampaill ins an t-sean reilg atá suidhe siar - dtuaidh de Cill Cartha agus tá teampaill tóghta sa reilg atá ag na Produsdúnaigh. Cuireadh daoine i bfóthrach an t-sean - teampaill siar-dtuaidh de Cill Cartha. Tá na trí reiligí leibheáilte. Tá tumbaí ins na reiligí. Tá tumbaí maramair agus clocha gearrtha ins an reilg a bhfuil na Caitliocaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall