Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Scéal Fiannaíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Fiannaidheachta.
    Bhí fathach aon uair amhain i dTeidhleann agus bhí sé in a fhear án-mhór. Cualaidh muinntir Teidhleann iomradh go minic ar Cúchulainn. Bhí Cúchulainn le theacht chuca aon uair amhain le tamall a caitheadh leobhtha. Chualaidh an fátach i dTeidhleann go rabh Cúchulainn ina fear án – mhór ar fad agus bhí eagla mhór air. Nuair a bhí an fathach i dTeidhleann ag súil le na theacht chuir a bhean isteach i gcliabhan mhór é agus thosaigh sise ag bhogadh an cliabhain. Nuair a táinig Cúchulainn isteach damharc sé isteach sa chliabhan agus arsa seisean. “Is mór an leanbh sin atá agat. Cá bhfuil an fear é fhéin”? “Tá sé shuas ar Sliabh Liag ag seilg,” ars an bhean. Bhí sise ag leigint uirtí go rabh sé ar shiubhail agus é san cliabhán san am céadna. Bhí bunnóg mór aráin mhín cnuaidheamhail deánta aicí [muna]? choinne agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Innéacs seanscéalta
    AT1149: Children Desire Ogre's Flesh
    Teanga
    Gaeilge