Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 291
- XML “Seanamhrán - Diarmuid 'a hEigeartaigh a chum”
- XML “Níl sé na Ló ná na Ló”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Níl sé na ló na ló.
Éirigh dó shuidhe a bhean a’ toighe ‘s na chuir gruam indó mhalaidh.
Líon tú fhéin lé cárta díghe agus béidh muid ag gabhail ceóil go maidin.
Níl sé na ló nó na ló a’s níl sé ‘na ló nó na mhaidin
Níl sé na ló a’s ní bheidh go fóill a’s is fada an uair go n-éirigheann an gealach.
(II)
Tóg na cupaí a’s na gloiní tá na gamhna ag dhul a d’aoibheall
Mur’ bhfuil airgead fá dó phócaí buail a bothar as gabh ‘na bhaile.
Níl sé na ló nó na ló a’s níl sé na ló nó na mhaidin.
Níl sé na ló as ní bhéidh go fóill a’s is fada an uair go n-éirigheann an gealach.
(III)
Éirigh dó shuidhe a fhear - a’ - toighe,
Cuir ort dó bríste a’s na fan lé dó h-ata.
Go rabh tú ag ól leis an fear chóir.
Bheás ag ól annseo go maidín.
Níl sé na ló nó na ló a’s níl sé na ló nó na mhaidin.
Níl sé na ló as ní bhéidh go fóill. Is fada an uair go n-éirigheann an gealach.