Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)IV
Is truaigh gan tú san chlúid agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san chlúid agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san chlúid agam,
Is cipín in do shúil agat,
A’s nach deas an ruaille – buaille,
A dheánfadh sean bhean bhocht.
V
Is truaigh gan tú san ceardcha agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san ceardcha agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san ceardcha agam,
Is croidhtheacha ar do shalaibh agat,
Is nach deas an capall rása,
A dheánfadh sean bhean bhocht.
VI
Is truaigh gan tú san arm agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san arm agam,
A shean bhean bhocht.
Is truaigh gan tú san arm agam,
As do dhá láimh sínte amach mait,
Is nach deas an gunna saighduír,
A dheánamh sean bhean bhocht.- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aodha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall