Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 273

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 273

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 273
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    capaill leobhtha. Ag cruinnuighadh a bhíos siad san fosta agus ní dhíolann siad dadaidh. Ní innseann siad sgéaltaí ar bit agus ní bhíonn aon paidir acu ach oiread. Bíonn dream eile ag dul thart, Muinntir Mhic Rabhartaigh. Ag cruinnuighadh fionnadh capall a bhíos an cuid is mó de’n chlann seo agus bíonn toighthe chanabhas deánta acu annseo ‘s annsuid fríd an tír.
    Bíonn corr – duine eile ag dul thart fosta agus gheibheann siad lóistín ins na toighthibh go maidin. Cruinnigheann na daoine isteach chuig an teach sin agus corr uair théidheann an fear siubhail ag gabhail cheóil.
    Bhíodh fir siubhail greannmhara ann roimhe seo. Bhí fear ag dul thart dár b’ainm Annrias Ua Domhnaill agus nuair d’fiafruightí de car b’as é déarfadh sé,
    “From the County ‘go luck’ where the ducks go barefooted!” Bhíodh fear eile ag dul thart dar b’ainm Ned Ua Ruairce agus fear greannmhar a bhí ann fosta. Shuidhfeadh sé síos agus ar bhall beag toisigheadh sé ar deilín –
    “My brother was seven weeks and ninty days crossin’ the Bay Bisky”. Bhí fear ar a dtugtaoi Peadar Amaideach ag dul thart annseo agus bhí sé creapáilte. Gheobhadh na fir seo uilig lóistín thart annseo ar feadh oidhche agus théigheadh siad ar shiubhal arís ar maidin. Ní bhíodh na daoine a bhíodh ag dul thart fadó shoin ag díol dadaidh, ach ag cruinnuighadh agus ní bhíodh a mbiadh fhéin leis an mhór – chuid acu ach oiread. Ach bhí daoine maithe ann agus bheirfeadh siad biadh agus éadach do na fir siubhail, agus do na gcuid ban agus páistí, dá mbéadh mná agus páistí leobhtha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Aodha
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Mucros, Co. Dhún na nGall