Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 205
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad an bhiotailte. Annsin leagad siad amach lá an phosta agus lá na bainse. Théigheadh sluagh daoine leis an mhnaoi a bhí le pósadh agus sluagh eile leis an fhear. Castaoi an dá shluagh ar a chéile ag teach na mná agus théigheadh siad uilig go dtí an teach phobhail. Bá gnáthach leo dhul sá tráthnóna. Dfanadh siad sa bhaile mhór ag damhsa ag dul ceóil agus ag ól i dteach éighinteacht. Tigheadh siad ag am luighe agus geobhadh siad a gcuid suipéar idteach na mná. Beirtear 'Páirtí na bainse' ar an sluagh daoine a téigheadh o theach na mná go dtí an teach phobail.
Thigeadh pairtí na bainse go toigh na mná - chun an bainis - ar capall. Biodh rása aca ag feachaint cén capall a bhfearr. An capall a bhíodh ag teacht na bainse or dtús b'e sin an capall a bfearr. Fear agus bean a bíodh ar gach capall. Bíodh an bhean ina suidhe i gcul an fhir. (Culóg a beirtear ar duine a béadh i gcúl duine eile ar capall).
Fuadhach. Thigeadh sluagh fear o ait éighinteacht agus goideadh siad ar shiubhail bean do fhear aca. Tuairim níos mó na céad bliadhain o shoin tháinig baicle aca seo go dtí an Cruach Beag ach bhí an teach seo lán daoine agus chuir muinntir an tighe an ruaig ortha. Indhiaidh seó tháinig dream o Teidhleann chun cuidigh le muinntir na Cruaiche bige no cuala siad go rabh an dream seo ag teacht. Nuair a mhothuigh muinntir na Cruaiche bige an sluagh ag an doras toisigh siad ag troid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall