Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 171
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Réidhteach :- Gas Raithnighe.
14. Gearrfiadh, gearrfiadh, cosa dubh donn. Siubhalann sí Éire as ní fhluichann sí bonn.
Réidhteach :- An ghrian.
15. Codluigeann sé san oidhche agus a ceann ina shúil.
Réidhteach : Lgín.
16. Lán garraidhe de chaoirigh bána agus lúraim laraim eatorra.
Réidhteach : Na fiacla agus an teangaidh.
17. Cé tcídhm uaim tríd a mhullach; ach Andaí Pollach na gcúig gcinn; Fáinne óir ar thaobh a bhata; chaol a chois tríd a cheann.
Réidhteach : Tor Mór.
18. Amuigh udaí, amuigh udaí, a chonnaic mé an t-amharc deas, míle bean uasal ag damhsa go deas. A gcuid hataí gorma agus a gcuid gúnaí glasa.
Réidhteach : Bó mue.
19. Trí chos ináirde, dhá chos ar an talamh, ceann duine beo i mbéal duine marbh.
Réidhteach : Fear agus pota ar a cheann.
20. Caidé tá níos doimhne na Ifreann.
Réidhteach. Méaracán Táilliúra.
20. Deirgín, deirgín ag buaileadh poll dubh.
Réidhteach : An pota agus an teinidh.
21. Tá bean beag amuigh udaí, agus tá sí ró - fhranncach, Gúna beag dubh uirthí, pluid agus plainncéadh.
Réidhteach : Neanntóg.
22. Dhá fhear déag ina luighe ar an leabaidh amhain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ua hÉigheartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall