Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 167
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5. Ceathrar, cúigear códramán; seisear mhín na mall, gan súil, gan béal, gan teangaidh a’s iad uilig ag cainnt. Réidhteach. Píobái.
6. Ceathrar ar rith, ceathrar ar crith, beirt ag deánamh an eólais a’s an lóibín ar deireadh.
Réidhteach. Bó.
7. Tá sé thall, tá sé i bhfos, tá sé i gConnacht ina gros, tá sé ar leac shléibhe tuill a’s i gcoilltibh ina measg.
Réidhteach. Ceo.
8. Beirt fear a chuaidh a’ bhaint súgha craobh; an méid a bhain siad caith siad uatha é, agus an méid nar bhain thug siad abhaile é.
Réidhteach. Fear ag bearradh duine eile: no, fear ag baint gruaig duine eile.
9. Dhá chluais nach n-éisteann, trí cosa nach siubhlann, béal a shlogfas a’s nach n-itheann.
Réidhteach. Pota.
10. Suid sa chlúid é a’s dhá chéad súil ann.
Reidhteach. Ridil.
11 Gearr-fhiadh donn idir dhá ghleann, nuair a bhagfas an gearr-fhiadh donn bogfaidh an dá ghleann.
Réidhteach. An béal agus an teangaidh.
12 Lá ámhaín bhí mé amuigh ar an árd a’s chonnaic mé an marbh ag iomchur an bheo.
Réidhteach. Bád.
13. Muiltín iarann agus ruball olna as.
Réidhteach. Snathad mór agus snáth lona inntí.
14. Tomhas orm, tomhas ort ce’n dealg a chur Fionn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Cathail
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall