Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gairid. Nuair do dhúisig an fear ar maidean chuaidh sé isteach i dtig mór saidhbir agus sé an comhairle a thug muinntir an tighe dó ná dul go dtí geata an séipéil gach Domhnach i ndiaidh a chéile ag bailiú pinginí go dtí go mbeadh deich bpúnt bailigthe aige agus annsan chuaidh sé go dtí an baile mór agus dhíol sé a fhiaca agus annsan tar éis tamaill tháinigh an bás lá breágh nuair a bhí sé ag siubhal ar an mbóthar agus d'fhiafraigh sé de'n fear an raibh na fiaca díolta aige agus dubhairt an fear go raibh le trí mhí. Do sciob ab bás é ar an áit agus sin é deireadh an scéal.
- Bailitheoir
- Eamonn Uinnsudúin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge