Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 144
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)
  6. XML “Comhairle Seanóir Dá Mhac”
  7. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ceathrar táiliúir gan bheith bréagach, Ceathrar sagairt gan bheith sainnteach.

    Ceathrar táiliúir gan bheith breagach, Ceathrar sagairt gan bheith sainnteach,
    Ceathrar Franncaighe gan bheith buidhe
    Sin dareag nach bhfuil sa tír.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Díoghadh gach síon frith-shneachta, Díoghadh gach dighe meadhg sean.

    Díoghadh gach síon frith-shneachta
    Díoghadh gach dighe meadhg sean
    Díoghadh gach teine feárnóg úr
    Ach Díoghadh gach díoghadh droch-bhean.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Ná bí cruaidh is ná bí bog
    Ná tréigh do cara ar do cuid, a mhic mo chroidhe
    Ná dún ionaid ach na h-obh is más éigin dún
    Ná bí siolrach i dtigh an óil,
    Ná dún crádh ar dhuine bocht,
    Ná mol is na dí-mhol daoi
    Nó go bfuighid tú saoi gan locht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.