Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn na h-aonaigh i bPáirc an Aonach anois, ach ní i bpáirceanna a bhídís fadó ach annso is ansiúd ar fuidh na tíre agus ins na sráideanna uaireannta. Sa tsean-aimsir téigeaidh na ceannuigreóirí timcheall ó thig go tigh ag ceannach bhíodh aontuighe ann gachgá seachtmhain, ach ní bhíonn siad ann ach uair sa mhí anois ach do chuir na daoine stop leo, mar ní bhíodh a dóithin stuch ag na feirmeóirí le díol.
    Tá páirc speisialta i Lios Mór le h-aghaidh an aonach agus ní bíodh aon airgid le díol ag na feirmeóirí chun ná bithidígh do chuir isteach ann, i mbailte eile bhí bíonn pingin an ceann ar na bithigigh do cuir isteach i pháirc. Tugthar "eirnist" ar a thugann na feirmeóirí chun ratha ar gach buthidigh a díoltar, sgilling an ceann nó mar sin. Nuair a bhíonn an marghadh deunta aca, crochann an ceannuioghteór agus na feirmeóirí láimh le na chéile agus chuireann siad marc dearg ar an bithidhg agus chuireann siad go dtí an traen iad, téigheann siad go dtí an bannc annsan chun an airgead d'fhághbhail.
    Nuair a bhíonn na bithidhig díolta marchabtar na bithidigh, géarann siad marc sa bfonnadh le siasúr agus annsan thugann siad go dtí an stáisiún iad, tugann na daoine a bhíodh ann fadó an ceannrach nó an b'riagdáin le capaill de's na daoine a bhíodh ag cheannach na bithithig uaigh fadó ach ní tugann siad dóibh ar aon cor anois. Bíonn an aonach is mó sa bliadhain ann i lár an Earrach. Bíonn aonthaighe anois in áiteanna na mbíodh cruinnighthe móra ann fadó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Gríocha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Garra, Co. Phort Láirge