Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 182
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíonn na scamaill duha ins an spéir deirtear go mbeadh fearthainn ann. Nuair a bhíonn an madra ag ithe féir beadh fearthainn ann an oidhche nó an lá na dhiaidh sin. Nuair a bhíonn na scamaill ag rith go mear ins na spéire beidh stoirm ann. Nuair a bhíonn bogh ceatha sa spéir ar maidin beidh fearthainn ann agus nuair a bhíonn bogh ceatha ar an spéir sa thráthnóna beidh an aimsir go breágh. Nuair a bhíonn an gealach in a suidhe ara cl beidh an aimsir fuar fluich. Nuair a bhíonn an gaoth thuaidh ag séideadh beidh sneachta ann agus beidh an aimsir fuar. A gaoth thoir nó aneas a beireann an fearthainn léithí. A gaoth thiar a beireann an aimsir breágh dúinn. Nuair a bhíonn ál préacháin ag eitilt go h-árd sa spéir beidh stoirm ann. Nuair a bhíonn na faoláin ar an dtalamh beidh stoirm ar an bhfarraige. Nuair a bhíonn droim an cat ismuigche chun an teine beidhfearthainn ann. Nuair a bhíonn na laca ag béicigh beidh fearthainn. Nuair a bhíonn na scamaill ag teacht anuas ar na sléibhte beidh fearthainn ann. Nuair a ceapamíd go bhfuil na sléibhte an-cóngarach sin comhartha go bhfuil fearthainn ag teacht. Nuair a bhíonn an deatach ag dul anuas go dtí an dtalamh agus nuair a bhíonn an deatach ag dul anuas, ní beidh aon fearthainn ann. Nuair a bhíonn an spéir dearg thiar sa tráth nóna beidh fearthainn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Priondargást
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carraig na nGabhar Thiar, Co. Phort Láirge