Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “An Madra Rua agus an Láir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí ferimeoir ann uair amháin agus bhí sean-capall aige, sé an nós a bhíodh ag na daoine fadó ná, nuair a bhíodh na capaill ró-aosta cun obair a dhéanamh chaithidís amacj sa coill iad chun go bhfuigheadh siad bás. Do chuir an feirmeoir an sean-capall amach sa coill lá áirithe agus sé dubhairt sé leis an capall agus é ag imtheacht, dá dtabharfadh sé béir beo abhaile leis go coimeadaidh sé sa stábla an fhaid a marbhadh sé. Do chuireadh amach sa coill é agus bhí sé ag siubhal timcheall an coille ar feadh trí seachtaine nó mar sin agus ar deireadh do chas sé ar an madra ruadh. "Tá aithne agam ortsa go maith mar is minic do rith mé romhat ar an mbóthar" arsa an madra ruadh.
    "TáTá mise curtha amach sa coill anois mar níl aon mhaith ionnamh mar tá mé ró-aosta chun an obair a dhéanamh agus féadainn dul abhaile arís dá dtabharfadh mé béir beó abhaile liom"
    "Tá fhios agam áit ina bhfuil sean-ceann agus bí ceann óga agus tá a lán cleasanna agam" arsa an madra ruadh. "Rachaidh mé go dtí an áit agus abrócaidh mé leis an ceann óg go bhfuil láir marbh sa coill, mar bíonn bainnt mór ag an béir ar feoil an capaill marbh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
        1. sionnaigh (~151)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Uí Uinnsudúin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Garra, Co. Phort Láirge