Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Stól le daoine nuair a léigheann siad cursíos ar cath Cluan Tarbh go raibh deire leis na Danair an úr úd ach ní raibh.

    Nuair a léigheann daoine cúntas ar cath Cluan Tarbh go raibh deire leis na Danair an úr úd ach ní raibh. Bhí cuid mór des na Danair ná raibh sa cath an úr úd, d=fhanadar sa mbaile ag faire ar a gcuid tighibh móra agus a cuid eile aca a bhí sa cogadh agus d'éalaigh as nuair bhí an troid dul ró-dhian. Tá cúntas cruinn mar a marbhuighead Brian Ború 'na campa an tráthnóna sin agus é ag tabhairt buidheacas do Dhia ar a glúna ar son and cabhair agus an cúnamh an lá úd chun an namhaid do dhíbirt. Tá cúntas eile ó bhéal na daoine anuas cughainn nuair a airigh siad gur marbhuidheach an Brianach do gaigh feirg mór iad agus gealladar dá chéile an tráthnóna san ná beadh codladh suan ná suanas maidin aca go mbeadh an Danair déanach dibhirte as Éireann. Dá réir sin tháinigh cuid mór aca le na chéile agus caitheadar oifigí agus captainí do thoghadh le cuir as a ceann. Bhí aon fhear amháin ann a thugadh in a captaín. Willamach Fic do'b ainm dó agus is air dtaimíd chun tráith. D'fhágadar Baile Átha Cliath agus ruaghadar agus marbhuightear na Danair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. Cath Chluain Tarbh (~2)
    Teanga
    Gaeilge