Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
- XML Leathanach 156
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí buachall nach raibh ró-chiallmhar i mbaile áirithe fadó agus bhí árd-dúil aige i tobac agus snaisín.”
Sgéal
Bhí buachall nach raibh ró-ciallmhar i mbaile áirithe
fadó agus bhí árd-dúil aige i toboc agus snaisín
bhí fhios aige buachall i mbaile áirithe seo rangaig
go raibh tórramh i n-áit lá agus chuaidh an buachall
agus buachall an bhaile ann san oidhche. Thug
buachall an baile cogar do mhuinntir an tighe
gan tobach ná snáisín a thabairt don buachall
agus ní fuair sé é, agus bhí a croidhe scólta
go maith aige ag dul abhaile ar mhaidhin. Ars’ sé leó
agus é ag imtheacht nár méaduighidh Dia tobach
ná snáisín dhíob mar is beag an mhaith de
buacall bocht thorramh a bheith ag bhúr léitéad seo.
Tamall in a dhiaid san bhí
tórramh eile san áit, agus chuaidh sé ann arís
agus fuair sé go leór tobach is snáisín agus
bhí sé an-sásta ar fad. Nuair a bhí sé ag fágaint
an tighe ar maidhin dubhairt sé leó go méaduighid
Dia torráintí is tobach is snáisín cugaibh-sé dé
an díogbháil tórramh a bheith ag bhúr léitéad seo.
Máire Ní Muirighise
Gleann Sasc
Lios- Mór- Bailitheoir
- Máire Ní Mhuirghise
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge