Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
- XML Leathanach 144
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML “Comhairle Seanóir Dá Mhac”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Ceathrar táiliúir gan bheith bréagach, Ceathrar sagairt gan bheith sainnteach.”
Ceathrar táiliúir gan bheith breagach, Ceathrar sagairt gan bheith sainnteach,
Ceathrar Franncaighe gan bheith buidhe
Sin dareag nach bhfuil sa tír.(gan teideal)
“Díoghadh gach síon frith-shneachta, Díoghadh gach dighe meadhg sean.”
Díoghadh gach síon frith-shneachta
Díoghadh gach dighe meadhg sean
Díoghadh gach teine feárnóg úr
Ach Díoghadh gach díoghadh droch-bhean.(gan teideal)
“An girrfiadh sléibhe féin, Cé gur cuireadh ruaigh agus fiadhach air..”
An girrfiadh sléibhe féin
Cé gur cuireadh ruaig agus fiadhach air.
Téigheann sé ar ais go dtí an tom aitinn
nó an tolc fraoigh nár rugadh é.- Ná bí cruaidh is ná bí bog
Ná tréigh do cara ar do cuid, a mhic mo chroidhe
Ná dún ionaid ach na h-obh is más éigin dún
Ná bí siolrach i dtigh an óil,
Ná dún crádh ar dhuine bocht,
Ná mol is na dí-mhol daoi
Nó go bfuighid tú saoi gan locht. (gan teideal)
“Tús luinge adhmaid, Tús atha clocha...”
Tús luinge adhmaid
Tús Atha Clocha
Tús Flaith Fáilte agus
Tús sláinte codladh.