Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 194

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 194

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 194
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn na máirnéalaig agus na h-iascairí an eolasach ar an aimsir. Is féidir leis na h-iascairí breithiúnas maith a thabhairt uaidh gan cabhair ó gloinne ná aon rud eile. Seo cuid des na comharthaí is gnáth.
    Nuair a bhíonn droch-aimsir le teacht seineann na fainleóige go h-an íseal ins an spéir. Cloiseann daoine fuaimeanna i bhfad ó bhaile. Bíonn an teine ag tréigean agus bíonn lasair gorm uirthi. Bíonn an deatach ag casadh anuas agus an sugha ag titim ón seimné. Nidthe a bhfad uainn ceapamíd go mbíonn siad cóngarach dúinn. Tagann pianta géara ar lucht dathacha agus na cinn a bhíonn faidarcáin ortha bíonn a mbróga ag luighe ortha. Nuair atá stoirm ag teacht bíonn na caoraigh ag druidim aníos de dhruim an tsléibhe agus ag déanamh go dtí an focain. Má bhíonn fáinní timcheall na gréine agus an spéir smearthai sin tuar anaithe. Má bhíonn luisne leath-dhearg timcheall adharta na gealaige seacain gaoch agus anaithe. Má bhíonn na hadharta soiléir i rith an ceathrú lá de'n gealaig bhíodh súil agat le deagh aimsear i rith an gealaige sin. Má bheadh clúdach ar an ré bheadh feartainn ag teacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Gríobhta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Garra, Co. Phort Láirge