Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “An Madra agus an Láir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí feirmeór ann uair amháin agus bhí sean capall aige. Sé an nós a bhíodh ag na daoine fadó ná nuair a bhíodh na capaill ró aosta cun aon obair a dhéanamh, caithidís amach sa coill iad cun go bhfuighead siad bás.
    Do chuir an feirmeor an sean capall amach sa coill lá áirithe agus sé dubhairt sé leis an gcapall agus é ag imeacht as an stábla ná dá dtabharfaidh sé béir beo abhaile leis aon lá go coimeadadh sé sa stábla é an fhaid a marbhad sé. Do cuireadh amach sa coill é agus bhí sé ag siughal timcheall na coille ar feadh trí seachtaine nó mar sin agus ar deireadh do chas sé ar madra ruadh. "Tá aithne agam ortsa le fada mar is minic do rith mé romhat ar an mbóthar" arsa an madra ruadh. "Tá mise curtha amach sa coill anois, mar níl aon maith ionam" arsa an capall "agus fhéadfainn dul abhaile arís dá tabharfadh mé béir beo abhaile liom". "Tá fhios agam áit in a bhfuil sean-ceann agus sé cinn óga agus tá alán cleasanna agam. Rachaidh mé go dtí an áit agus abróchad mé leis an sean-ceann go bhfuil an capall marbh" agus chuaidh an madra ruadh go dtí an áit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Uí Uinnsudúin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Garra, Co. Phort Láirge