Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Gleann Garra, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Scéal na Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh daoine uaisle amach ar sliabh lá ag fiadhach sa Sealghaireacht. Tháinign ceo agus fearthainn ortha agus cuireadh amugha iad. Scaradar ón a chéile, bhí Seán sé sin comphánach amháin bhí ortha, agus ní raibh aoinne in a fhóchair nuair a chuireadh amugha agus bhí sé dorcha beagnach amh éigin san oidhche, bhuail sé a éadan i gcoinne doras na cuairte. Chuaidh sé go dtí an doras agus glaodhach sé osluigheadh an doras dó agus cad a bheadh ann ach triúr fathaig, tháinigh sgannra agus eagla air nuair a chonaich sé na triúr fathaigh mar sin d'iarr sé ar lóistin na h-oidhche agus fuair seé é agus a suipéar, ach shíl sé go mharbheocaidh é roimh maidin. Nuair d'éirigh sé ar maidin bhíodar ag thógaint amach as agus dubharadar leis suigh síos chun a bhreacfást. Dé an ainm atá ort arsa ceann es na fathaith leis. Seán a ghlaoidheann siad orm arsa mé féin. Tosnuigheadh ag innsin ar na gascidhe a bhíodar ábalta a dhéanamh agus níor chuir sé t-sim in aon chor ortha. Déanfadh sé féin gaiscide nár ionghadh ortha. Bhíodar ag féachaint air agus bhí ionghadh ortha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1045: Pulling the Lake Together
    AT1049: The Heavy Axe
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1115: Attempted Murder with Hatchet
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Muirghise
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lios Mór, Co. Phort Láirge