Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá tobair beannuighe le feiscint timcheall na h-áite seo , Tobair Naomh Colmáin agus Tobair Naomh Cárthaigh. Tá obair Naomh Cárthaigh suidhte i Lios Mór. Tá cros ós cionn an tobair i Lios Mór agus tugann alán daoine turus go dtí an tobar an ceathramhad lá déag de mhí na Bealtaine agus ní bhíonn deoc uisce le fágáil ann aon lá eile den bhliain ach an lá sin is amhlaidh a thugann daoine buidéal leo nuair a bhíonn siad ag dul go dtí an tobar agus tógann siad an uisce aníos. Tá tobar beannuighe eile i gCarraig na nGadhar agus tobair Naomh Colmáin an ainm atá air. Bhí crann mór árd in aice an tobair sin fadó agus deirtear gur codhail Naohm Colmáin fé scáth an chrainn san oidhche amháin agus nuair dhúisigh sé ar maidin ní raibh aon uisge aige i gcóir an tae agus d'éirigh an tobar ann agus tugtar tobar Naomh Colmáin air ó shoin. Téigheann alán daoine go dtí an tobar sin Domhnach Cásga agus deireann siad a lán paidreacha. Tá sé suidhte i lár choill. Tá fréam an orainn in a sheasamh fós.
- Bailitheoir
- Liam Ó Gríobta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge