Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)
- Suíomh:
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuaidh sé go dtí an áit a raigh an béir in a comhnuidhe agus dubhairt sé go raibh láir marbh sa coill timcheall míle ón bpoll. Thánaigh an béir agus an madra ruadh i dteannta a chéile agus do lig an láir air go raibh sé marbh agus bhí sé sínte amach agus a shúile dúnta. Crom an béir ag ithe an capall agus annsan do ceangal an madra ruadh cos an capaill agus cos an béir le'n a chéile, agus nuair a bhí siad ceangailte d'éirigh an capall agus as go bráth leis abhaile. Nuair a shrois sé an stábla bhí fear an tighe in a sheasamh ag an doras agus bhí sé ag gáire nuair a chonnaic sé an láir agus an béir ceangailte le'n a cos. Do chuir sé iad araon ins an stábla agus gheibheann an láir trí béile istigh ins an stábla gach lá ó shoin.
- Bailitheoir
- Éamonn Uí Uinnsudúin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Garra, Co. Phort Láirge