Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr. Aingeal
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 410

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 410

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 410
  3. XML “Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuirtear fataí ar an bhfeilm sa mbaile. Treabhann na feirmeóirí an talamh, fuirseann siad é le cliatha, rómharann siad le ceachta é agus déantar iomairí de. Annsin saithear na sgoileáim ann, agus cuirtear leis aoileac nó leas siopa ortha.
    Ní dhéantar usáid de'n cheachta adhmaid ins an aimsir seo acht ceachta iarainn. Timcheall ceithre agór bliadhain ó shoin d'usáideadh ceachta adhmaid. Rinne an gabha na rámainní fadó ceannuightear sa siopa anois iad. Bheirtear na fataí isteach ó'n mhusóig agus cuirtear iad sin sgioból. Cuirtear sgoileáin isteach i mála agus fágtar na luigheáin sgaipthe ar an urlár.
    I gceann cúpla lá cuirtear na sgoileáin sa talamh. Annsin cuirtear marblán ar na fataí. Cabhruigheann na comharsanaí le na chéile ag cur na fataí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Chonmara
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo