Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr. Aingeal
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin bhí leaidin beag ann agus ní raibh in a chomhnuidhe leis acht a mháthair. Lá amháin nuair a tháinig sé isteach chuig a dhinnéar bhí pláta leitean fágtha ar an mbórd dhó agus alán cuileóg ann. Bhí píosa éadaigh fágtha air freisin. Rug sé air agus do mharbhuigh sé trí scór cuileóg go leith le aon buille amháin agus cheap sé go raibh sé go h-an láidir ar fad. Annsin chuaidh sé amach ag lorg oibre. Chas Rí air agus dubhairt an Rí "Cé'n chaoi bhfuil tú a leaidín bheag?" "Tá mé go maith" arsan leaidín. "Cá bfhuil tú ag dul anois" arsan Rí. "Ag olorg oibre" arsan duine beag. "Tusa ag lorg oibre! Céard tá tú indon a dhéanamh?" arsan Rí. O! arsan leaidín, "Tá mé indon trí scór a mharbhadh le aon buille amháín." "Is iongantach an duine thú" adeir an Rí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ó hÉilighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo