Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr. Aingeal
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 265

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 265

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 265
  3. XML “An Spealadóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear de mhuinntir Thaidg in a chomhnuidhe sa gceanntar seo agus bhí leas-ainm air - Gasúr Ó Thaig. Spealadóir iongantach a bhí ann. Bhí se inann acra móinfeír a bhaint sa ló. Duine ar bith a raibh móinféar le baint aige chuirfeadh sé fé dhein Gasúr Ó Taidg. Bhí dream Protostúnaigh in a gcomhnuidhe in Gort an Túar - Búrcaigh an sloinne a bhí ortha.
    Bhí gáirdín breagh ubhall aca agus tá an gairdín céadna ann go fóill. Aon bhliadhain amháin bhí na crainn ubhall clúduighthe le dearg - daoil agus d'íosfadh siad an duine a rachadh isteach san ngáirdín. Chuir na Búrcaigh fé dhein an ministéara leis na Daoil a dhíbirt as an ngairdín. Tháinig an mhinistéar agus sáruigheadh air na Daoiul a dhíbhirt. Annsin chuir na Búrcaigh fa dhein an Athar Pádraig Ó Flannagáin a bhí in a shagart Padraig Ó Flannagáin a bhí in a shagart pharráiste i gCill Bhrígide. Tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Dochartaigh
    Seoladh
    Cill Ardubh, Co. Mhaigh Eo