Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- XML Leathanach 429
- XML “An Gabha agus an Cheárta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gabha darbh ainm Maidín in a chomhnaidhe i gCill Alaidh ins an mbliadhain 1798. Rinne se pící agus tuatha catha do na buachaillí. Bhí meas mór ag na daoine air go dtí lá a bháis. Fear an láidir a bhí ann.
Má gheibheann gabha uisge beatha le n-ól ins an cheárdchain doirteann sé an chéad bhraon ar an indoin mar cheapann se dá mbéadh anachain ar bith ann go sgoiltfeadh sé é. Síl na am amháin dá gcuirfeadh siad fearg ar ghabhainn agus an ineoin a h-iompuigheadh go raibh siad sguabtha agus nach mbéadh an t-ádh ortha an fhaid is mhairfead siad.
Ní raibh bainfhéis ins an tír nach mbéadh an gabha aici. Shíl na daoine dá mbéadh cúpla sean tarraingí crú ag gabhainn agus gual dóighte as céardchain ar muinéal pháiste nach mbéadh na daoine maithe i ndon é do thabhairt.