Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is chuimheamh na ndaoine go dtí timcheall dhá sgór bliadhain ó shoin bhí go leór daoine bochta ann - fir agus mná ag iarraidh déirce. Níor cosamhail ar bith iad leis na daoinibh atá ag siubhal na bóithre anois. Daoine cneasta a bhí ionnta a d'eirigh bocht. Is beag lá nach dtiocfadh beirt nó triúr acu do gach teach ag iarraidh déirce agus do bhí failte ag gach aoinne dhobhta. Bhí teach lóistín acu i ngach bhaile. Bhíodh sean-phloid leóbhtha. Gheobhadh siad cochall agus cúpla málaí le caitheamh ó chionn na ploide. Cúpla fataí nó glam mine an déirce a gheibheadh siad. Ghuidhfeadh siad annsin ar son na ndaoine a thug an déirce dóbhtha. An chéad ceist a chuirfeadh na daoine ortha an chéad uair a thagad siad an bealach. "Cérbh as thú"? "Ce'n áit a chodail tú aréir"? An bhfuil aon sgeál nua agat"? Anois agus arí thagadh sean-saighdiúir ag iarraidh déirce. Bhíodh an teach a chaitheadh sé an oidhche annlíonta le daoinibh ag éisteacht leis ag innseacht na h-iongantas a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraigín Ní Ghiollaruaidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Loinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo