School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
An tSr. Aingeal
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0140, Page 403

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0140, Page 403

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Page 403
  3. XML “Fir agus Mná Déirce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is chuimheamh na ndaoine go dtí timcheall dhá sgór bliadhain ó shoin bhí go leór daoine bochta ann - fir agus mná ag iarraidh déirce. Níor cosamhail ar bith iad leis na daoinibh atá ag siubhal na bóithre anois. Daoine cneasta a bhí ionnta a d'eirigh bocht. Is beag lá nach dtiocfadh beirt nó triúr acu do gach teach ag iarraidh déirce agus do bhí failte ag gach aoinne dhobhta. Bhí teach lóistín acu i ngach bhaile. Bhíodh sean-phloid leóbhtha. Gheobhadh siad cochall agus cúpla málaí le caitheamh ó chionn na ploide. Cúpla fataí nó glam mine an déirce a gheibheadh siad. Ghuidhfeadh siad annsin ar son na ndaoine a thug an déirce dóbhtha. An chéad ceist a chuirfeadh na daoine ortha an chéad uair a thagad siad an bealach. "Cérbh as thú"? "Ce'n áit a chodail tú aréir"? An bhfuil aon sgeál nua agat"? Anois agus arí thagadh sean-saighdiúir ag iarraidh déirce. Bhíodh an teach a chaitheadh sé an oidhche annlíonta le daoinibh ag éisteacht leis ag innseacht na h-iongantas a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraigín Ní Ghiollaruaidh
    Gender
    Female
    Address
    Rathoonagh, Co. Mayo
    Informant
    Micheál Ó Loinn
    Gender
    Female
    Address
    Rathoonagh, Co. Mayo