Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Srian Sin é an rud a cuirtear ar cheann an chapaill.
Manntóg. An rud a cuirtear ar chapall crosta.
Diallad Sin é an rud a cuirtear ar dhruim an chapaill.
Coiléir An rud a cuirtear thart ar mhuineál an chapaill.
Srathar. An rud a cuirtear ar dhruim an chapaill nuair a bhíonn cart air.
Deireadh An rud a cuirtear taobh-thiar de'n chapall nuair a bhíonn cart air.
Súgán sac. An rud a cuirtear ar dhruim an chapauill nuair a bhíonn sé ag iomchur mala.