Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Suíomh:
Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
An tSr. Aingeal
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0140, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Seán Caoch Ó Tuathail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall céad go leith bliadhain é shoin rugadh fear i nIorrus d'arbh ainm Seán Caoch O Tuathail. Tugadh "Seán Caoch mar leas ainm dó mar do chaill sé súil amháin ag troid. Bhi si an-láidir, as misiúr. Bhi sé lá amhain ag iomchur deich ngalún uisge beatha chuig sochraid duine saidhbhir a fuair bás i nIorrus.
    Bhi an t-sochraid ag dul treasa sléibhe. Thainig siad go dti bannc mór leathan mónadh. Léim Seán Caoch thar an mbannc agus an t-ualach ar a dhruim. Bhí ceithre céad fear ag an t-sochraid agus ní raibh acht beirt a bhí i ndon an léim do thabhairt agus gan ualach ar bith ortha.
    Bhí Seán Caoch lá ag ól i mBéal an Mhuirthid. Tháinig Caiptín luinge as Tír na Lochlann isteach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Loinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ráth Thamhnach, Co. Mhaigh Eo