Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 5
- XML “Mac an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht nó go dtainic sé go teach dhuine uasail a bhí ar thaobh an bhóthair. Bhí cailín óg in a seasamh ag béal an dorais agus nuair a bhí sé ag imtheacht dubhairt sé lei go mbeadh sé ag teacht arais uair eile agus a bheith annsoin roimhe. Dimthigh sé annsoin agus stad ní dhearna sé go dtainic sé go caisleán an ríodh. D'léigh an bhainrioghan an leitir agus phós an gasúr an inghean.
Nuair a thainic an rí abhaile bhí fearg an domhain air faoin bpósadh agus chuir sé pionós ar an bhfear óg
B'éigin dó dul soir do'n doman thoir ar thóir trí cleite den dragúnach. Dimthigh an gasúr soir ar maidin agus bhí sé ag imtheacht agus ag síor imtheacht gur casadh air Mac an Ríogh. Bhí sé os cionn daoine a bhí ag déanaú tobair le seacht mbliadna agus níor thainic aon deór uisce ann. Dubhairt Mac an Ríogh leis an nGasúr fios a bheith aige ag teacht anoir dó cén caoi a dtiocfadh uisce sa tobar. D'imthigh an gasúr annsoin agus bhí ag imtheacht agus ag síor imtheacht go dtainic sé go dtí abha. Chonnaic sé fear ann ag tabhairt daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolfabhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo