Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 32

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 32

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 32
  3. XML “An Gabhar nach Raibh Ceart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a chuirfeadh amach as an bpoll í.
    Ach san tráth céadna bhí torc ag éisteacht leo agus dubhairt sé go ngeobadh sé féin isteach go gcuirfeadh sé amach í. Maith go leor - chuaidh sé isteach agus sháith sé an gabhar bocht agus rith sí amach. Bhí an tóir amuich roimpe agus mharbhuigh siad í.
    Bhí go maith. Chuaidh an tam thart aguis suim bliadanta in a dhiaidh sin bhí an mac ba shine ag tarraingt ar an mbaile arís agus ar a bhealach ag teacht do ghlaoidh sé isteach ar teach mór le béile bídh a caitheamh ann. Bhí mála beag leis agus uair ar bith a chraithfeadh sé an mála tiocfadh rud ar bith chuige a d'iarrfadh sé. Bí go maith agus ní raibh go dona chaith sé biadh sa teach seo agus nuair a bhí sé ag dul an fear a' tighe a íoc ar a shon chuaidh sé amach sa stábla agus chraith sé an mála agus ar an bpoinnte bhí neart airgid aige. Ach bhí an fear an tighe ró-ghlic dó agus nuair a fuair sé faill thóg sé leis an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    AT0566: The Three Magic Objects and the Wonderful Fruits (Fortunatus)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Antoine Ó Catháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Clochar, Co. Mhaigh Eo