Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 099
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní'l rud a fhásann ar an gcladach chómh deas leis an craineach. Tá blas milis air agus má thoisigheann tú á ithe ní féidir leat a stopadh. Ní fhaca mé ariamh é acht ar chladach Chuain Leacain. Ní fhásfaidh sé acht ar aol-leac agus as an dúilicín beag.
Téidheann mná amach i mbád agus thart an chósta, áit ar bith a bhfuil leac a síneadh amach ó aill. Bhíodh sé da dhiol ar shráideanna Bhéal an Atha sgathain ó shoin. Ní fhaca mé le fada é.An Carraigín: Téidheann mná amach san t-Sáile nuair a bhíonns sé in a íar-thráoigh agus piocann siad de'n charraig é agus é ar snámh. Sgartar é annsoin ar an bhfeorainn. Fágtar annsoin é go mbidh sé chómh geal leis an sneachta. Tóghthar annsoin é agus é tirim. Bruithtear go maith annsoin é, cuirtear isteach i siolán é agus ní béidh agat annsoin acht silteán. Nuair a bhéas sé fuar, dluth agus seactha ithtear é. Cuirtear sugh liomóide leis le blas an charraigín a bhaint de. Ní'l a shárú le fághail. Is breagh an rud é do dhuine a bhfuil slaghdán nó eiteann air.Sean-fhocal: "Is annamh seisg siar"Dathú
Déantar usáid annseo go fóill de'n criotal agus de sgreablach na gcloch le haghaidh éadaighe a dhathú, go mór mhór stocai. Déantar usáid de'n fhraoch i mBaile a' Chruaich le haghaidh bréidín agus flainín a dhathú.