Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 098
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)brúightear suas íad agus cuirtear leis an gcréacht íad mar phláisteár
Chonnaic mé mo athair féin go minic ag triomú bláth an bhuachalláin bhuidhe, á gcur i mboscaí roimh an ngéimhreadh, agus créácht no lot nárbh fhéidir leis an dochtúir a leigheas leigheasóchadh sé leó é.
Bruithtear an báchrán, cuirtear bhínégar geal leis, siucra agus rum agus tá leigheas ann do shlaghdán nó laigear. Deirtear go gcuirfidh sé croidhe úr san duine a ólfas é.Nim: Fásann earbán ins na dumhacha, bíonn crap beag ar na freúmhacha agus má itheann caoirigh é cuirfidh sé chun báis íad.
Tá nimh i mbláthannaibh an bhuachalláin bhuidhe.
Penny Poison - ceann eile a bhfuil nimh ann agus an taoiboilbín. Tá plannda beag eile a fhásann ar thaobh an bhóthair agus a dtigeann caora breagha dearga air acht ní íosfadh na lonta dubha no smolaigh íad. Níl a fhios agam a ainm i mbéarla ní i ngaedhilg.Biadh
Itheann na páistí an samhaidh nó an tSamhóg. Ní itheann na daoine an biorla. Ní;l a fhios aca go bhfuil sé chómh maith i's tá.
Bruithtear an cruasach nó an cnuasach go mbidh sé in a ghleóthán agus tugtar "slabhach" mar ainm air annsoin. Is breagh folláin an biadh e.(leanann ar an chéad leathanach eile)