Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 253
- XML “An Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má bhíonn cónra trom ar duine deirtear nach seasfadh sé i bhfad gan lobhta.Ma leanann ainmhidhe an t-socraid deireann na daoine go racaidh socraid eile an bothar sin sul i bhfad.Bhí bean ann fadó agus shíl na daoine go raibh sí marbh agus bhí beirt bhan ag fághail réidh chun í a nigheadh. Shuidh sí aniar ins an leaba agus diarr sí deoc uisge agus bhí sí chomh sláintamhail le bean ar bith sa mbaile lá ar na bhárach.Bhí bean ann fadó i mbaile Cruaidh agus leigh bean eile a cuid bó isteach in a coirce agus thosaigh an bhean eile ag troid lei agus dubhairt sí cebí beo nó marbh a bheadh sí go mbeadh luach na coirce aisti.Ní fada go bhfuair an bhean sin bás agus nuair a bhí na comharsain ag dul thar teach na mná eile chuala sí sgreadaigh uathbhasac istig ann. Nuair a chuaidh siad go teach na socraide bhí a fear istig ann agus dinnis siad do céard do chuala siad. Rith sé agus daoine leis go dtí a theach féin, agus céard do bhfuair siad ann acht an bhean marbh ag ithe cace na mná beo.Muna craitheann fear uisge coisricthe ar féin agus thart ar an uaigh feicfidh sé rud eicín.Uair amháin bhí fear ag cartú uaigh gan aon uisge coisricthe a craitheadh ar féin agus nuair a bhí an uaigh foscailte aige(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róise Ní Thachair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Ui Tachair
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo