Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 188
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí go maith go ndeachaidh bliadain eile thart. Rinn an searbónt an rud ceadna agus nuair a thainig cailleach na gcearc ag tabhairt bidh don na mucaibh bhí an páiste ag diúil an cráin agus é sínte siar ar an talamh. Thóg sí an páiste agus thug sí go dtí a teachin beag féin é.Nuair a bhí bliadhain eile suas rinn an searbhónt an rud ceadna agus nuair a diarr an fear an páiste dubahirt sí gur rud salac a bhí ann agus níor mhaith léithe daoine a bheith ag feachaint air agus go gcur sí é.Bhí an fear ag dul ar míre leis a bhean. Tharla tráth go dtainic bean na gcearc lá ar na bharach agus fuair sí an páiste ag diúil ar an crán ceadna. Thóg sí é agus thug sí un bealaigh go dtí a teachín beag féin é.Fuaidh rud eicint ar an feilméar treasna na habhna a bhí idir é féin agus bean na gcearc. Fuaidh sé isteach sa teachín. Bhí na páiste ag rith go dtí an fear agus shuidheamhar ar a glúna agus bhí sé ag tabhairt doicíní (féiríní) dóibh acht bhí an ceann is óige an-maith leis an fear. D'iarr an fear ar bean na gcearc cén áit a bhfuair sí na paistí. Dubhairt sí gurbh iad na daoine móra a leag annsin iad go dtiocfadh siad ar ais aris.Bhí go maith. Fuaidh an fear abhaile agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cailín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás O Cailín
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Dún Átha, Co. Mhaigh Eo