Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 124

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 124
  3. XML “Paidir Nuair a Bhlaonns an Coileach”
  4. XML “Ofráil na Maidne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidir nuair a blaodhanns an Coileach
    Deagh-sgéal ó Dia chugainn
    An té a thug an glór sin duit
    Go dtugaidh Sé glór na bFlaithis dár n-anam.
    Amén
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mell Níc Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Mhic An Bháird
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72
    Seoladh
    Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe
  2. Ofráil na Maidne
    Umhluighim agus impidhim mé féin duit a Mic Dhílis Dé agus a Mhaighdean glórmar cumachtach beannuighthe.
    Tugaim moladh mór agus buidheachas duit ar son mé féin agus mo chomhluadar a thabhairt slán ó bhás na hoidhche. Ó thug Tú slán ó bhás na hoidhche sinn go dtugaidh Tú slán ó bás an lae muid. Slán ó chuile urcóid agus o chuile anachain, o chuile tinneas agus ó chuile tromas, ó gárla gránda, ó aicíd agus anachain na bliadna.
    Go gcoinnighidh Tú ar dheagh-stáid agus stáid na grásta muid agus nár thugaidh Tú nídh ar bith insan saoghal seo dúinn a bhainfeas glór Rioghacht na bFlaithis d'ár n-anamneacaibh bochta an lá fhágfas muid an saogal seo.
    Go dtugaidh Tú suaimhneas siorraidhe do na hanamneacha bochta atá ar slighe na marbh. Amen
    Fuair Mell Níc Suibhne na paidir sin ón a máthair mhór Bean Mhic an Bhaird (72) Leitir Fraigh, Co na Gaillimhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.