Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Sruthair, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Seo sean sgéal d’innis m’athair dom lá. Bhí fear is a bheirt mac ann fadó. Lá amháin chuaidh an fear agus mac ar an aonach.
    Cheannuigh siad capall. Thugadar fiche punt air. Bhíodar ann sásta leis an gcapall, agus iad dá thiomáint abhaile.
    Nuair a shrois siad abhaile an oidhche sin, chuireadar isteach ins an stábla é. Thugadar féar tirm dhó agus chuadhadar isteach cun a ndinnéar. Nuair a bhí a sháith acu, suidheadar síos ag an teine, agus thosuigheadar ag cur síos ar an lá a bhí acu go dtí go raibh sé in am dóibh dul i gcodladh.
    Annsin d’innis an fear do’n mhac ba sine dul amach d’féach ar an gcapall. Chuaidh sé amach. Ní raibh sé ibfad nuair a tháinig sé arais, agus dubhairt sé go raibh an capall tinn. Annsin cuadhadar go léir amach, agus d’féach siad isteach ar an gcapall. Bhí sé in a sheasamh go ciúin cneasta, agus an féar go léir ithte aige. “Tuige ar shíl tú go raibh sé tinn,” ars an fear. “Mar ní raibh sé ag cogaint na círe” ars an mac!!
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.